language

Deilgneach – Sainmhíniú, siomptóim agus cóir leighis

DocFinder, Shutterstock
DocFinder, Shutterstock

Is ionfhabhtú víreasach an-tógálach é an deilgneach (ar a dtugtar varicella chomh maith). Cé go dtarlaíonn sé den chuid is mó le linn na hóige, d'fhéadfadh an galar sin a bheith ar go leor daoine fásta chomh maith. Is iad na siomptóim shaintréitheacha ná spuaiceanna lán le leacht agus tochas an-dona. Den chuid is mó, tagann deireadh leis an ngalar gan aon aimhréidh – ach uaireanta d'fhéadfadh galair thromchúiseacha thánaisteacha teacht as. Tógáil, siomptóim, aimhréidheanna féideartha, galarchosc agus cóir leighis – coinnigh ort ag léamh chun an t-eolas tábhachtach ar fad faoi dheilgneach a fháil.

Cad is deilgneach ann?

Galar sainiúil a bhfuil aithne mhaith air is ea é an deilgneach. Tarlaíonn sé den chuid is mó le linn na hóige agus is é an víreas an-tógálach dar teideal varicella-zoster is cúis leis. Baineann an víreas varicella-zoster le grúpa víreas herpéis a chuimsíonn an víreas herpes simplex - an víreas is cúis le hionfhabhtuithe herpes simplex i measc daoine (i bhfoirm heirpéas béil nó heirpéas na mball giniúna). Is cúis le deir é an víreas varicella-zoster, chomh maith le deilgneach. Tá an deilgneach an-tógálach. Scaiptear an víreas varicella-zoster trí ionfhabhtú braoiníneach nó ionfhabhtú smearaidh. I gcás ionfhabhtú braoiníneach, scaiptear an víreas trí mheán braoiníní beaga bídeacha riospráide a tháirgeann daoine ionfhabhtaithe nuair a labhraíonn siad nó nuair a dhéanann siad casacht nó sraoth, agus ionghabhann daoine eile na braoiníní sin isteach nuair a análaíonn siad an t-aer sin. Is ionfhabhtú smearaidh é tarchur galair trí theagmháil leis an leacht sna spuaiceanna ar chraiceann an duine ionfhabhtaithe. Bíonn an tréimhse ghoir – an t-ainm a thugtar ar an tréimhse ama ó tholgtar an víreas go dtí go mbíonn na chéad siomptóim le feiceáil / go dtí tús an ghalair – idir 12 agus 21 lá. Anuas air sin, d'fhéadfadh máthair an galar a thabhairt don leanbh sa bhroinn tríd an bplacaint, cé nach dtarlaíonn sé sin ach go hannamh. Má tholgann bean atá ag iompar clainne an víreas varicella-zoster den chéad uair le linn na chéad 20 seachtain den toircheas, d'fhéadfadh an leanbh sa bhroinn a bheith míchumtha dá bharr sin (siondróm varicella ó bhroinn).

An nasc idir deilgneach agus deir

Cé go dtolgann formhór na ndaoine deilgneach agus iad ina leanaí, d'fhéadfadh daoine an galar a tholgadh ag aois ar bith. Tá gach duine a raibh deilgneach air/uirthi mar pháiste imdhíonach air go deo – mar sin, ní féidir le duine deilgneach a bheith air/uirthi ach uair amháin de ghnáth. Ach fanann an víreas sa chorp tar éis don ghalar teacht chun deiridh. Téann an víreas go dtí an fréamhghainglín droma, áit a bhfanann sé suanach don chuid eile de shaol an duine. In imthosca áirithe, d'fhéadfadh an víreas athmhúscailt ag tráth níos déanaí. Má athmhúsclaíonn an víreas, bíonn deir mar thoradh air sin: is é an siomptóm saintréitheach a ghabhann leis sin ná gríos ar nós creasa agus spuaiceanna lán le leacht leis. Mar sin, bíonn deilgneach ann mar thoradh ar an ionfhabhtú príomhúil leis an víreas varicella-zoster, agus is é an deir an galar tánaisteach a bhíonn ann mar gheall ar an víreas. Dá bharr sin, ní féidir ach le daoine a raibh deilgneach orthu cheana féin deir a fháil. Má thugann duine a bhfuil deir air/uirthi an víreas varicella-zoster do dhuine eile, tiocfaidh deilgneach ar an duine sin mura raibh deilgneach air/uirthi cheana féin nó murar vacsaíníodh é/í ina aghaidh.

Gríos agus drochthochas – siomptóim na deilgní

Is é siomptóm saintréitheach na deilgní ná gríos a bhfuil spuaiceanna lán le leacht air. Go minic is iad na chéad chomharthaí den ghalar ná siomptóim ghinearálta cosúil le breoiteacht, marbhántacht, tinneas cinn agus géaga pianmhara. Tagann an gríos tipiciúil ar an gcraiceann ó thart ar an tríú lá go dtí an cúigiú lá den ghalar. Nochtann smáil dhearga bheaga agus go luath ina dhiaidh sin tagann spuaiceanna ar an gcraiceann a bhfuil leacht geal iontu. Den chuid is mó, tagann na spuaiceanna ar an aghaidh agus ar an gcabhail ar dtús agus ina dhiaidh sin tagann siad ar na seicní múcasacha agus ar na lámha, ar na cosa agus ar an bplait. De ghnáth, gabhann tochas an-dona leis na spuaiceanna sin chomh maith le fiabhras ard go han-mhinic (cé nach mbíonn an teocht os cionn 39°C ach go hannamh). I ndiaidh cúpla lá, triomaíonn na spuaiceanna agus tagann gearb orthu sula dtiteann siad ar deireadh thiar. D'fhéadfadh coilm bhuana a bheith ann de thoradh ar na spuaiceanna a thochas agus ionfhabhtú eile baictéarach a tholgadh. A luaithe atá gearb tagtha ar na spuaiceanna ar fad, níl an duine ionfhabhtaithe tógálach a thuilleadh. An chuid is mó den am, cneasaíonn na spuaiceanna go hiomlán gan coilm a fhágáil; de ghnáth, tagann deireadh leis an ngalar gan aon aimhréidh i gcás daoine a bhfuil dea-bhail orthu taobh amuigh de sin. Ach i gcásanna áirithe d'fhéadfadh aimhréidheanna agus galair thánaisteacha teacht as. Is aimhréidh chomónta amháin a bhaineann le varicella é for-ionfhabhtú baictéarach (ina dtagann ionfhabhtú baictéarach ar na spuaiceanna). I measc na n-aimhréidheanna tromchúiseacha eile, tá ionfhabhtú scamhóige (niúmóine varicella), aimhréidheanna a bhaineann le lárchóras na néaróg, einceifealaíteas (athlasadh na hinchinne) agus riochtaí ina gcuirtear athlasadh sna horgáin, cosúil le miócairdíteas (an chroí), neifríteas (na duáin), airtríteas (na hailt) agus ceiritíteas (an choirne). Cé nach mbíonn deilgneach ar dhaoine fásta chomh minic sin, bíonn an galar níos déine do dhaoine fásta ná a bhíonn sé do pháistí. Tá riosca níos airde ann go mbuailfidh aimhréidheanna daoine fásta ná páistí, agus is mó seans go dtiocfaidh galar tromchúiseach ar mhná torracha agus ar dhaoine a bhfuil easpa imdhíonachta orthu. De ghnáth, airíonn daoine fásta níos measa agus den chuid is mó tagann níos mó spuaiceanna orthu ná a thagann ar pháistí. Maireann an galar rud beag níos faide i gcás daoine fásta ná i gcás páistí chomh maith. I gcás páistí, maireann an galar thart ar deich lá go dtí dhá sheachtain. D'fhéadfadh deilgneach teacht ar dhaoine fásta mura raibh an galar orthu roimhe sin agus murar vacsaíníodh é/í ina aghaidh.

Galarchosc

Is é an vacsaín in aghaidh na deilgní an bealach is fearr chun tolgadh an ghalair a sheachaint. Moltar i gClár Vacsaínithe na hOstaire go bhfaigheann páistí a gcéad vacsaíniú thart ar a gcéad bhreithlá, agus go bhfaigheann siad an dara cheann 4 seachtaine ina dhiaidh sin ar a laghad – ach sula dtosaíonn siad freastal ar áiseanna pobail (m.sh. naíolann nó naíscoil). Níl an vacsaín in aghaidh na deilgní ar fáil mar chuid den chlár vacsaínithe saor in aisce san Ostair. Moltar imdhíonadh gníomhach do dhaoine idir 9 mbliana d'aois agus 17 mbliana d'aois ach go háirithe (agus tugtar vacsaíniú cúitimh air sin). Do dhaoine fásta, moltar imdhíonadh do na daoine ar fad atá soghabhálach i leith an ghalair, ach go háirithe mná nach bhfuil imdhíonacht acu air agus atá in aois toirchis (is é sin mná nach bhfuil na hantasubstaintí in aghaidh antaiginí áirithe ina gcuid fola), pearsanra cúraim leanaí atá soghabhálach i leith an ghalair, agus daoine nach bhfuil imdhíonacht acu air a oibríonn sa chóras cúraim sláinte. Ba chóir do dhaoine nach bhfuair an vacsaín go dtí seo teagmháil le daoine a bhfuil an galar acu a sheachaint. Is rogha eile é imdhíonadh éighníomhach (glóbailin imdhíonachta in aghaidh varicella zoster, nó varicella zoster immunoglobulin - VZIG) a d'fhéadfadh cosc a chur le tús an ghalair nó é a mhaolú, agus ba cheart úsáid a bhaint as sin nuair nach bhfuil vacsaíniú gníomhach in aghaidh na deilgní ar fáil. Moltar go dtugtar VZIG do dhaoine atá i mbaol a bhfuil córas lag imdhíonachta acu chomh maith le mná torracha a fuair an vacsaín nach léiríonn imdhíonacht a luaithe agus is féidir tar éis dóibh a bheith nochta don ghalar (laistigh de 96 uair).

Cóir Leighis

Má thugann an galar a sheal gan aon aimhréidh, go bunúsach is éard atá i gceist le cóir leighis ná na siomptóim a mhaolú. D'fhéadfadh leigheas in aghaidh an tochais cúnamh a thabhairt chun tochas an-dian a mhaolú nuair a chuirtear ar an limistéar cuí den chraiceann é. Cuirtear na hungthaí, lóiseanna, glóthacha agus púdair sin go díreach ar na spuaiceanna agus maolaíonn siad an tochas ar feadh cúpla uair. Anuas air sin, is féidir úsáid a bhaint as cógais agus anailgéisigh fhriteochtaithe más gá mar chóireáil in aghaidh an fhiabhrais – cé go moltar i gcónaí dul i gcomhairle le dochtúir ar dtús (agus a bheith cúramach agus aigéad aicéitiolsalaicileach á thabhairt do pháistí agus daoine óga mar tá baol ann maidir le siondróm Reye). Déanann teas agus allas an drochthochas níos measa fós, agus is ar an gcúis sin a mholann dochtúirí teocht dheas a choimeád sa seomra agus éadaí tréscaoilteacha a chaitheamh. Tá sé tábhachtach gan spuaiceanna tochasacha a thochas mar d'fhéadfadh ionfhabhtuithe baictéaracha agus coilm teacht as sin. Ina thaobh sin, is cabhair é na hingne a choinneáil gearr agus lámhainní nó miotóga olla a chaitheamh. Níl aon tionchar ag antaibheathaigh ar varicella; ach d'fhéadfaí go n-ordófaí iad dá dtiocfadh ionfhabhtú ar na spuaiceanna a tochasadh go dtí gur osclaíodh iad (for-ionfhabhtú baictéarach). I gcásanna tromchúiseacha, is féidir cógais áirithe a úsáid mar chóireáil in aghaidh an víris: tugtar ábhair fhrithvíreasacha ar an gcógas sin, a stopann víris ag athghiniúint agus ar féidir leo cosc a chur ar an ngalar dul in olcas, agus ordaítear iad den chuid is mó d'othair a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu.

Bosca eolais

Deilgneach: Galar víreasach
Ainmneacha eile: Varicella
Pataigin: An víreas varicella-zoster (VZV; is é deilgneach an galar príomhúil; is é deir an galar tánaisteach)
Tarchur: Ionfhabhtú smearaidh agus braoiníneach, le linn toirchis (annamh)
Tréimhse ghoir: Thart ar 12 go 21 lá
Siomptóim: Ar dtús, bíonn siomptóim ghinearálta ann cosúil le breoiteacht, marbhántacht, tinneas cinn agus pianta eile. Ansin tagann gríos a bhfuil spuaiceanna lán le leacht aige (tosaíonn sé sin ar an aghaidh agus ar an gcabhail sula dtagann sé ar na seiciní múcasacha, na lámha, na cosa agus ar an bplait), tochas an-dian, fiabhras, i measc siomptóim eile
Tógálacht: Tagann deireadh leis nuair atá gearb ar na spuaiceanna ar fad
Aimhréidheanna féideartha / galair thánaisteacha: For-ionfhabhtú baictéarach (athlasadh breise baictéarach na spuaiceanna), niúmóine, aimhréidheanna a bhaineann le lárchóras na néaróg agus orgáin eile; d'fhéadfadh coilm a bheith ann de thoradh ar thochas rialta agus for-ionfhabhtú baictéarach
Galarchosc: Vacsaíniú, teagmháil a sheachaint le daoine a bhfuil an galar orthu
Cóir Leighis: Leigheas in aghaidh an tochais le haghaidh úsáid dhírithe; in imthosca áirithe, antaibheathaigh mar chóireáil in aghaidh for-ionfhabhtú baictéarach, ábhair fhrithvíreasacha (le haghaidh cásanna tromchúiseacha, othair a bhfuil córas imdhíonachta lagaithe acu)

Tùsan
Austrian Vaccination Programme 2018, Austrian Federal Ministry for Labour, Social Affairs, Health and Consumer Protection

Lienhard A.; Update zu Windpocken und Gürtelrose - Zosterbehandlung und Impfung gegen Varizellen und Zoster, Medicos, Schweizer Zeitschrift für Dermatologie 03/2013, Rosenfluh Publikationen AG [in German]

Leodolter S. et al.; Serie: Virusinfektionen in der Schwangerschaft - Teil 3 - Varizellen und Herpes zoster, Gyn-Aktiv 03/2011, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH [in German]

Varizellen-Verlauf - Komplikationen häufiger als gedacht, Deutsches Ärzteblatt 101(20)/2004, Deutscher Ärzteverlag GmbH [in German]

Gabler-Sandberger E.; Varizella-Zoster-Virus: Windpocken nicht als harmlos einschätzen, Deutsches Ärzteblatt 97(15)/2000, Deutscher Ärzteverlag GmbH [in German]

Chickenpox, herpes zoster (shingles), RKI guide, Robert Koch Institute, URL: https://www.rki.de/DE/Content/Infekt/EpidBull/Merkblaetter/Ratgeber_Varizellen.html, retrieved: 28/06/2018 [in German]

Starker Rückgang der Windpocken durch Impfung, Deutsches Ärzteblatt, 07/01/2013, URL: https://www.aerzteblatt.de/nachrichten/52938/Starker-Rueckgang-der-Windpocken-durch-Impfung [in German]


Ùghdar: Katharina Miedzinska, MSc