language

Fíocas - Aithint, Cóir Leighis, Galarchosc

DocFinder, Shutterstock
DocFinder, Shutterstock

Tagann fíocas (haemaróidí) ar bheagnach gach duine ag pointe áirithe ina saol. Bíonn náire ar go leor daoine faoi phian timpeall ar an anas, agus fanann siad glan ar chabhair a iarraidh ar a ndochtúir. Coinnigh ort ag léamh le tuilleadh eolais a fháil faoi cad é fíocas go díreach, conas is féidir leat cosc a chur le fíocas, agus cad ba chóir duit a dhéanamh má aithníonn tú comharthaí an fhíocais.

Ár gcóras díleá

Tá páirteanna difriúla inár gcóras díleá agus putóga, agus tá tasc ar leith ag gach páirt (goile - stéig bheag - stéig mhór - reicteam - anas) chun an mbia a ithimid a bhriseadh síos. Tá an reicteam lonnaithe in íochtar an chórais díleá. Coinnítear bia fuíll dodhíleáite sa chonair reicteach go dtí go gcuirfear amach as an anas é. Tá dhá mhatán fháinneacha thábhachtacha ag an anas a rialaíonn díbirt an fhuíll. Tacaíonn fíochán haemaróid le feidhmeanna na matán fáinneach sin. Is cúisín é fíochán haemaróid atá déanta d'fhuileadáin agus atá lonnaithe idir an reicteam agus an t-anas, agus a dhúnann é. Is é an téarma leighis don fhíochán sin ná hemorrhoidal plexus, nó "haemaróidí" mar is fearr aithne air. Ciallaíonn sé sin go bhfuil haemaróidí ag gach duine. Ó thaobh an leighis de, tugtar "haemaróidí" nó "fíocas" ar an ngalar nuair a leathnaíonn an fíochán haemaróid agus díláithrítear é síos.

Siomptóim - Fíocas a aithint

Tagann fíocas ar dhaoine nuair a chuirtear isteach ar an idirghníomhaíocht idir na matáin fháinneacha den anas agus an fíochán haemaróid, nó nuair nach bhfuil cúisín na bhfuileadán uiscithe i gceart a thuilleadh agus méadaítear iad. Den chuid is mó, bíonn na siomptóim seo a leanas ar othair a bhfuil fíocas orthu:

  • fuiliú as an anas
  • anas tochasach
  • mothú brú ar an anas
  • mothú dóite san anas
  • pian san anas De ghnáth, déanann fuiliú as an anas tagairt do dhíbirt d'fhuil úr ghlédhearg. Tugann an chuid is mó de na hothair an fhuil sin faoi deara go díreach ina bhfaecas nó ar an bpáipéar leithris. Bíonn daoine scanraithe nuair a fheiceann siad fuil ina bhfaecas. Ba cheart go ndéanfadh dochtúir scrúdú ar fhuiliú as an anas, ach ní gá gur cúis scaoill é. De ghnáth, tugann othair atá sa chéim luath den fhíocas faoi deara go bhfuil míchompord ginearálta acu timpeall ar an anas. Chomh maith leis sin, bíonn an réigiún níos goilliúnaí ná mar a bhíonn sé de ghnáth agus bíonn sé braiteach ar ghreannú éadrom seachtrach fiú.

Na ceithre chéim d’fhíocas

Ó thaobh an leighis de, roinntear fíocas i gceithre chéim: Céim 1: Sa chéim seo, níl ach an fíochán haemaróid sa chuid inmheánach den anas ata. Tá fuil ghlédhearg san fhaecas nó ar an bpáipéar leithris ar cheann de na chéad chomharthaí. D'fhéadfadh go mbeadh tochas ann chomh maith. Ós rud é nach bhfuil mórán péine ag an bpointe sin, de ghnáth faightear amach faoin fhíocas de sheans le linn scrúduithe eile. Céim 2: Sa dara céim den fhíocas, tá an fíochán haemaróid níos méadaithe. Ag an bpointe seo, d'fhéadfadh go mbeadh na haemaróidí ag dó, go mbeadh tochas míchompordach ann, agus go silfidís. Le linn na putóga a fholmhú, téann na nóidíní fuileadán amach as an anas agus tarraingítear isteach san anas arís iad go huathoibríoch ina dhiaidh sin. Céim 3: Sa chéim seo, is gá méara a úsáid chun na nóidíní fuileadán beaga a chur isteach san anas arís i ndiaidh na putóga a fholmhú. Bíonn tochas láidir, mothú dóite, agus sileadh ina gcomharthaí sóirt ag an tríú céim, chomh maith le níos mó fuilithe as an anas. Céim 4: Tá an fíochán haemaróid chomh mór sin anois go bhfuil sé ag gobadh amach as réigiún inmheánach an anais. Ní tharraingítear siar na fuileadáin iad féin a thuilleadh i ndiaidh na putóga a fholmhú, agus ní féidir iad a chur isteach arís le méar. Sileann na haemaróidí agus bíonn tochas míchompordach agus mothú láidir dóite ag cur as don othar, chomh maith le goilliúnacht ghinearálta i réigiún an anais. Méadaíonn an fuiliú i ndiaidh na putóga a fholmhú.

Fíocas a chóireáil mar is ceart

Is féidir fíocas a leigheas agus de ghnáth is féidir é a chóireáil go héifeachtach. Dá luaithe is a chuirtear tús leis an gcóir leighis chuí, is ea is sciobtha agus is éasca a d'fhéadfaí fíocas a leigheas. Agus stair leighis an othair á bhreacadh ag an dochtúir, cuirfidh sé/sí ceisteanna faoi na siomptóim reatha ar dtús. Ina dhiaidh sin, is féidir socrú má tá fíocas ar an othar trí úsáid a bhaint as dhá scrúdú dhifriúla (scrúdú méire agus ionscópacht anasach) agus, má tá, cé chomh dian is atá sé. Mar chuid de scrúdú méire, tóraítear réigiún an anais leis na méara. Le linn ionscópacht anasach, cuirtear uirlis speisialta isteach i réigiún an anais chun aon athrú a d'fhéadfadh a bheith ann a scrúdú. Ag brath ar na tréithe, céim, agus stair leighis an othair, d'fhéadfadh an dochtúir tús a chur leis an gcóireáil riachtanach leighis.

Cóir leighis ag céim 1

Ag an bpointe seo, is féidir an tochas a chóireáil le hungadh speisialta d'fhíocas. Maolaíonn ungthaí nua d'fhíocas, atá déanta as comhábhair nádúrtha, na siomptóim thart ar na seicní múcasacha timpeall ar an anas, tá siad frithfhreangach agus laghdaíonn siad athlasadh. Is féidir at an fhíocháin haemaróid nach bhfuil ró-dhona a chóireáil trí úsáid a bhaint as sopastóirí agus uachtair. Is rogha eile é instealltaí a fháil mar othar seachtrach (sclerotherapy mar a thugtar air i mBéarla). Mar chuid den phróiseas sin, tugann an dochtúir instealladh de shubstaint speisialta sna haemaróidí, agus laghdaíonn siad ar ais go dtí a méid bunaidh dá bharr sin. Ní bhaineann pian ar bith le sclerotherapy agus ní thógann sé ach cúpla nóiméad.

Cóir leighis ag céim 2

Sa chéim seo, is féidir úsáid a bhaint as instealltaí go fóill le fíocas a chur faoi smacht. Is cineál eile cóireála é ceangal le banda rubair. Mar chuid den ghnáthamh sin, ceanglaítear bandaí rubair thart ar chuid den fhíochán haemaróid. Titeann an píosa sin den fhíochán ansin agus cuirtear amach as an gcorp é go nádúrtha, in éineacht leis an mbanda rubair. Is gnáthamh othair sheachtraigh é sin ar féidir leis an dochtúir é a dhéanamh.

Cóir leighis ag céim 3

Sa tríú céim, is féidir fíocas a chóireáil trí úsáid a bhaint as ceangal le banda rubair nó as an modh HAL-RAR, mar a thugtar air. Is féidir na haemaróidí a chóireáil trí obráid chomh maith. Is próiseas é an modh HAL-RAR a laghdaíonn na fuileadáin agus a tharraingíonn an fíochán atá thart ar an anas ar ais chuig a bhunáit. Ní bhaineann pian ar bith leis an ngnáthamh sin agus, de ghnáth, is féidir leis an othar an t-ospidéal a fhágáil ar an gcéad lá eile.

Cóir leighis ag céim 4

Sa cheathrú céim, de ghnáth bíonn gá le hobráid chun an fíocas a chóireáil. Ag brath ar shiomptóim agus pian an othair, de ghnáth is féidir an t-othar a scaoileadh amach as an ospidéal laistigh de cheithre lá i ndiaidh na hobráide. Tá roinnt roghanna obráide ann, ag brath ar na saintréithe agus ar dhéine an fhíocais, a d'fhéadfadh faoiseamh fadtéarmach ó na siomptóim sin a chur ar fáil. Go bunúsach, is éard atá i gceist le gach obráid ná na fuileadáin tultite a ghearradh de faoi ainéistéiseach ginearálta. Bíonn na próisis difriúil, ag brath ar conas a dhéantar na gearrthacha agus cié acu an ndearnadh an chneá a uamadh nó ar fágadh oscailte í. Níor cheart go mbeadh náire ar aon duine mar gheall ar fhíocas. Is fadhb leighis an-choitianta é ar cheart do dhochtúir é a aithint agus, más gá, a chóireáil.

Na cúiseanna le fíocas

Tá a lán imthosca ann a d'fhéadfadh a bheith ina gcúiseanna le fíocas. Tá na himthosca seo a leanas i measc na gcúiseanna is coitianta le pian thart ar an anas: Réim bia ar bheagán snáithín: d'fhéadfadh réim bia neamhchothrom nó ar bheagán snáithín a bheith ina chúis le hiatacht agus faecas crua. D'fhéadfadh tréimhsí fada ina gcuirtear amach faecas crua cur as don fhíochán haemaróid. Méid róbheag faecais: mura bhfuil a dóthain faecais ann ní líontar an chonair reicteach i gceart, agus ,mar sin, ní ligtear don bhalla stéigeach síneadh a dhóthain. Mar gheall air sin brúnn daoine an iomarca le linn na putóga a fholmhú. An iomarca brú: má bhrúnn daoine róláidir le linn na putóga a fholmhú, méadaítear an brú atá ar fhuileadáin na stéige. Bíonn an fhuil sin ina cúis le plúchadh, agus mar gheall air sin forbraíonn an fíochán haemaróid nóidíní agus bolgann sé chun tosaigh. Brú méadaithe ar na fuileadáin san fhíochán haemaróid mar gheall ar easpa aclaíochta, duine a bheith ina s(h)uí rófhada, nó farasbarr meáchain. Togracht ghéiniteach Fíochán lag tacaíochta (mar gheall ar sheanaois nó gnéithe ó bhroinn) Úsáid fhada purgóidí Toircheas: Méadaíonn toircheas an brú san abdóman, rud a d'fhéadfadh bac a chur ar an bhfuil draenáil as an bhfíochán haemaróid. D'fhéadfadh athruithe hormónacha le linn toirchis a bheith ina gcúiseanna le fíocas chomh maith.

Conas cosc a chur le fíocas

Dá fhad atá fíocas ar dhuine gan é a aithint, is ea is deacair agus is gránna a bhíonn an chóireáil. Dá bharr sin, ba chóir duit dul i gcomhairle le dochtúir chomh luath is a aithníonn tú na chéad chomharthaí fíocais. Má dhéantar na siomptóim thosaigh a chóireáil mar is cuí, is féidir le formhór na n-othar obráid phianmhar a sheachaint. Ach is féidir le gach duine an riachtanas a dhéanamh le cosc a chur le fíocas. Is féidir, fiú amháin, leo siúd a bhfuil togracht ghéiniteach acu réamhchúram a dhéanamh le míchompord gránna (athfhillteach) thart ar an anas a sheachaint.

Tacaíonn saol sláintiúil le díleá agus le folmhú

Ní hamháin go bhfuil dea-thionchar ag saol sláintiúil ar an tsláinte, ach tacaíonn sé le díleá agus folmhú sláintiúil agus normálta. Tacaíonn aistí bia le neart snáithín leis an dlús ceart faecais a choimeád, agus mar sin cosc a chur ar fhadhbanna le linn folmhú na bputóg. Súnn snáithín a lán uisce agus ansin méadaíonn sé. Cruthaíonn sé sin spreagthaigh dhearfacha ar mhaithe le hoibriú stéigeach agus táirgeacht faecais. I measc na mbianna ina bhfuil neart snáithín, tá torthaí, glasraí, táirgí slánghráin (caiscín, bran cruithneachta, bran coirce, núdail slánghráin), léagúim (pónairí, lintilí), cnónna, calóga gránaigh (coirce rollta, speilt), rís rua, agus go leor eile seachas sin. Is leor 30 gram, ar an meán, in aghaidh an lae chun a dhóthain snáithín a chur ar fáil don chorp.

Is beart coisctheach eile dóthain uisce a ól. Trí go leor leachtanna a ól, go háirithe uisce agus tae gan siúcra, tacaítear leis an gcorp faecas normálta bog a tháirgeadh.

Is cuid ríthábhachtach de shaol sláintiúil é gluaiseacht. Ach ba chóir do dhaoine a bhfuil fíocas orthu cheana spórt a chuireann brú ar an urlár peilbheach (m.sh. leadóg, aeróbaic, scuais) a sheachaint.

Is beart eile a thacaíonn le cosc a chur le fíocas é sláinteachas maith sa leithreas. Folmhaigh do phutóga chomh luath is a bhraitheann tú brú ón fhaecas. Má choinnítear faecas sa chonair reicteach rófhada, tosaíonn an corp uisce a tharraingt as. Dá bharr sin, éiríonn sé níos crua agus cuireann sé sin bac le faecas a chur amach as an gcorp go compordach. Anuas air sin, ná déan iarracht do phutóga a fholmhú níos tapa, mar d'fhéadfadh go mbrúfá róláidir ansin. Ba cheart an t-anas a ní go maith i ndiaidh gach uair a fholmhaíonn tú do phutóga, go hidéalach le páipéar leithris bog nó ceirtíní tais.

D'fhéadfadh cleachtaidh rialta urláir pheilbhigh tacú le mná torracha fíocas a sheachaint. Laghdaíonn na cleachtaidh sin an t-ualach atá ar an urlár peilbheach agus laghdaíonn siad an brú ar an bhfíochán haemaróid.

Foinsí:
Dr. M. Wunderlich, Vienna Centre for Intestinal Diseases; Update Hämorrhoidalleiden, Phlebologie & Proktologie 1/2015, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH

Dr. S. Roka, Vienna Medical University Clinic for Surgery; Systemorientierte Therapiekonzepte, Medizin & Wissenschaft 4/2013, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH

Ao. Dr. A. Salat, Vienna Medical University Clinic for Surgery; Nichtvenerische anale, perianale und perineale Erkrankungen, Spektrum Dermatologie 1/2013, MedMedia Verlag und Mediaservice GmbH

Kirsch J. et al., Mannheim Rectal Centre; Die konservative Hämmorhoidalbehandlung, Wiener Medizinische Wochenschrift 2004 (154/3-4: 50:55), Springer Verlag

H.-P. Bruch et al., Lübeck University Clinic; Pathophysiologie des Hämorrhoidalleidens, Chirurg 2001 (72:656-659), Springer Verlag


Ùghdar: Katharina Miedzinska, MSc